Cuiredh tús le ranganna 2022–2023 an tseachtain dár tús 19ú Meán Fhómhair.
Rang na bhFeabhsaitheoirí
Gach Máirt ó 11.00 r.n. go dtí 1.00 i.n.
Múinteoirí: Máirtín Ó Cadhain agus Máirtín Ó Curraoin.
Is le haghaidh daltaí a bhfuil bun-Ghaeilge acu an rang seo. Is é sin, daltaí atá in ann comhrá leanúnach, simplí a dhéanamh.
Rang amháin é seo ach go bhfuil dhá chuid ann:
- Déanann Máirtín Ó Cadhain an tréimhse ó 11.00 r.n. go dtí Meán Lae
- Déanann Máirtín Ó Curraoin an tréimhse ó Mheán Lae go dtí 1.00 i.n.
Léitear sleachta as téacsanna, agus déantar comhrá fúthu.
Pléitear réimse leathan ábhar, agus déantar roinnt gramadaí.
Úsáidtear an Clár Bán chun litriú agus focail agus nathanna nua a mhúineadh.
Ar Zúm atá an rang seo faoi láthair.

Ranganna oíche
Suíomh: Foirgneamh gTEIC sa Spidéil (Eircód H91 CH01)
Am: 7.30 i.n. — 9.00 i.n.
Oíche Dé Luain
Is do dhaoine atá ar Mheánleibhéal Gaeilge an rang seo.
Úsáidtear Siollabas TEG* B1 sa rang.
Cúrsa 10 Seachtaine ag tosú 19/09/2022 ar chostas €40.
Múinteoir: Máire Ní Chatháin.
Oíche Dé Máirt
This is a class in basic Irish for beginners and Improvers.
The textbook for this course is Gaeilge gan Stró! Beginners Level (Éamonn Ó Dónaill).
Seo é rang na dTosaitheoirí.
Siollabas TEG* A1/A2 a bhíonn in úsáid sa rang seo.
Cúrsa 10 Seachtaine ag tosú 20/09/2022.
Chostas: €40.
Oíche Dé Céadaoin
Ciorcal Comhrá.
Ag tosú ar an 21/09/2022.
Is deis iontach é chun do chuid Gaeilge a chleachtadh agus aithne a chur ar fhoghlaimeoirí eile.
Rang neamhfhoirmeálta atá ann – buail isteach aon oíche a bhfuil tú saor.
€2 an rang.
Múinteoir: Máirín Uí Choisteabhla.
*TEG
Teastas Eorpach na Gaeilge.
Tá an córas TEG bunaithe ar an Fráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha.
Is scéim idirnáisiúnta é seo chun cur síos ar an gcumas teanga atá ag foghlaimeoirí, ar scála a théann ó A1 le haghaidh glan tosaitheoirí suas go C2 do dhaoine a bhfuil máistreacht iomlán acu ar theanga.
Tá a thuilleadh eolais agus neart ábhair foghlama ar fail ar láithreán TEG.
The Common European Framework of Reference for Languages is an international standard for describing language competence. It describes language competence on a six-point scale, from A1 for beginners, up to C2 for those who have mastered a language.
Tuilleadh faisnéise
Is féidir tuilleadh eolais ar na ranganna thuasluaite a fháil ach teagmháil a dhéanamh linn.
