Cuireadh tús le cleachtadh ar an dráma grinn seo i mí Eanáir 2020 ach b’éigean éirí as i Mí an Mhárta de bharr an Choróinvíris.
Bhí drogall orainn deireadh iomlán a chur lenár gcuid drámaíochta áfach agus shocraigh muid ar theacht le chéile arís ar Zúm le dul i mbun léiriúcháin eile. (Féach ar Uaigneas na Nollag.)
Cuireadh tús arís, ar Zúm, le cleachtadh Pop-up Gaeltacht ar an bhFaiche Mhór i mí Feabhra 2021, cé go raibh roinnt athruithe ar an gcliar. Ó tharla nach bhféadfaí é a chur i láthair lucht féachana beo, socraíodh ar é a thaifeadadh mar ghearrscannán agus ar é a eisiúint mar chuid d’Fhéile Traidphicnic.
Gabhann muid míle buíochas le Fintan Geraghty is Stephen Molloy as ucht an chabhair ghairmiúil a thug siad dúinn leis an scannán a thaifeadadh, agus le Traidphicnic as ucht áit a thabhairt dúinn ar a gclár.