Seo dráma raidió 2026 ó Chlub Gaeilge Chois Fharraige — ag leanacht Cóisir na mBáb, a léirigh muid anuraidh.
Rinneadh an taifeadadh ar an 8ú Mí na Samhna 2025 sa stiúidió in Áras na Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe.
Bhí ócáid againn i dTigh Phádraicín, sna Forbacha, ar 3ú Mí Marta le Is Fada ó Chruise a Rugadh Muid a sheoladh — bliain ach lá is ar seoladh Cóisir na mBáb!
Foilsíodh go poiblí ar an leathanach seo é…maidin lá ar na mháireach
😉
Cliar
Pádraic Breathnach: Tommy
Máirín Mhic Lochlainn: Treasa
Bríd Uí Choistealbha: Diana
Chinatsu Hakamada: Kim
Máire Ní Scolaí de Búrca: Aoife
Chris Uí Churraoin: Bridie
Denise de Faoite: Niamh
Máire Bhreathnach: Orfhlaith
Bairbre Ní Churraoin: Áine
Constance Patten: Bolscaire na Loinge
Míċeál Ó Loċlainn: An Tráchtaire








Foireann
Máirín Mhic Lochlainn a scríobh
Máire Ní Neachtain an maor scripte
Fionn Ó Sealbhaigh a thaifid
Míċeál Ó Loċlainn a chuir in eagar ⁊ a dhein cúram de léiriú teicniúil
Valse Macabre ⁊ foinn eile
Glacann an Club buíochas ar leith le Jim Mortimore, a chum agus a chas an ceol, is a thug cead dúinn é a úsáid sa léiriú seo. Is mór an bhreáthacht a chuireann sé leis.



Valse Macabre ón EP den ainm céanna.
The Sunless Sea ón albam Journey to The Centre of the Earth.
Another Sea Named Solaris ón albam Ocean of Night.
Tacaíocht
Fuair an léiriú seo tacaíocht ó:
Scéim Deontais Oideachas Pobail 2025, Bord Oideachais ⁊ Oiliúna na Gaillimhe ⁊ Ros Comáin

