Club Foghlaimeoirí Gaeilge Chois Fharraige


Complete beginner? No Irish at all? No problem!
information in English

Nuacht — an scéal is deireanaí

11ú Eanáir 2024

FÓGRA

20ú Mí na Nollag 2023

Raic ar an Trá

🎅 Tá tabhartas Nollag againn díbh! 🎅

Cúis áthais do Chlub Foghlaimeoirí Gaeilge Chois Fharraige an dráma is deireanaí a rinne muid, Raic ar an Trá le Máirín Mhic Lochlainn, a chur i bhúr láthair.

Dráma raidió atá ann, a mhaireann timpeal ar leathuair a’ chloig.

Is féidir éisteacht leis i rannóg drámaíochta an láithreáin seo.

Bain taithneamh as!

28ú Lúnasa 2023

Siúlóid threoraithe thart ar Mionlach ar an Satharn 9 Meán Fómhair 2023.

Is seanbhaile álainn é Mionlach (Menlo) atá suite ar imeall thoir thuaidh chathair na Gaillimhe, ar bhruach Abhainn na Gaillimhe in aice le Loch Coirib. Is áit é a bhíodh ina Bhreac-Ghaeltacht go dtí le gairid. Bhí an-tábhacht ag baint le Cé Mhionlaigh tráth dá raibh, nuair a bhí Loch Coirib agus Abhainn na Gaillimhe á n-úsáid mar chóras gnóthach iompair le hearraí a thabhairt isteach go Gaillimh.

Tá cúig cinn de thithe ceann tuí fós i Mionlach agus tar éis na siúlóide beidh muid ag tabhairt cuairt ar cheann acu, Tigh Mhaidhc Pháidín, atá mar ionad cultúrtha ag Oifig na Pleanála Teanga i Mionlach. Is ansin a thabharfaidh an staraí áitiúil Pádraig Ó Fathaigh, cainteoir dúchais as Mionlach, tuilleadh eolais dúinn faoi stair agus faoi chultúr Mhionlaigh; beidh an scéalaí Máirín Mhic Lochlainn ag aithris scéalta agus beidh ceol ann.

Beidh muid ag teacht le chéile ag 2.30 pm ar an Satharn 9 Meán Fómhair 2023 taobh amuigh de Scoil Bhríde i Mionlach (Éirchód: H91 YD63), áit atá spásanna páirceála ar fáil.

Níl aon chostas ar an ócáid agus tá fáilte roimh chách.

Tigh Mhaidhc Pháidín

26ú Lúnasa 2023

Big Maggie sa Taibhdhearc

Beidh roinnt ball den Chlub ag dul go dtí an Taibhdhearch chun féachaint ar Big Maggie  ar an Aoine 15 Meán Fómhair ag 8.00 pm., agus ar an maidin dar gcionn (Satharn 16 MF) beidh muid ag teacht le chéile ag 11.00 sa beár in Óstán Chonamara (The Connemara Coast Hotel) chun plé a dhéanamh ar an dráma. 

Má tá suim agat a bheith linn bheadh fáilte mhór romhat, agus tabhair cara leat más mian leat, ach caithfidh tú do socruithe féin a dhéanamh maidir le taisteal agus ceannach ticéad. 

https://www.antaibhdhearc.com/events/bigmaggie

21ú Lúnasa 2023

6ú Lúnasa 2023

Turas ar Inis Meáin

Bhain grúpa ón gClub an-taitneamh as a dturas lae go hInis Meáin Dé Sathairn 22 Iúil. Ba é seo an chéad gheábh ag an gcuid is mó againn ar an oileán, agus dúirt an grúpa ar fad, go raibh súil acu a theacht ar ais. Bhí roinnt daoine ann a d’fhan istigh cúpla oíche, i dTeach Loistín Uí Chongaile, agus fuair siad togha na bia agus rogha na dí, agus sár chomhluadar.

Leaba Dhiarmaid agus Gráinne

Ba í Brídín Ní Choncheanainn an treoirí ag an ngrúpa, agus rinne sí cur síos iontach ar an oileán mar a bhí agus mar atá. Thug muid cuairt ar na háiteacha stairiúla, ar nós Leaba Dhiarmaid agus Gráinne, sin ceann do na dolmen atá ar an oileán. Chonaic muid cathaoir Synge, agus rinne muid píosa deas cuairte sa teach inár chaith sé tamall dá shaol;  agus is faoin an oileán a scríobh sé na drámaí ‘Chun na Farraige Síos’, agus ‘Buachaill Báire an Iarthair’. Rinne Ciarán Ó Fátharta cur síos breá dúinn ar an teach, an áit inár tógadh é féin, agus a dheartháireacha agus deirfiúracha, agus ba leis a shin-shean-mhuintir an teach le linn aimsir Synge.

Cathaoir Synge
Teach Synge
Teach Synge – Ciarán Ó’Fátharta agus an grupa

Chonaic muid Dún Chonchubhair, agus chuamar isteach san séipéal álainn atá ar an oileán, go bhfaca muid fuinneoga Harry Clarke; agus thug muid cuairt freisin ar Mhonarchan Cniotála an oileáin, an fostóir is mó ar an oileán. Agus le deireadh a chur leis an turas lae, bhí lón againn san Teach Ósta, áit a raibh beirt cheoltóirí ag casadh ceol breá meidhreach, agus foinn dheasa mhalla.

Socruithe an tSamhraidh

Tá na ranganna oíche, an Ciorcal Comhrá agus an Grúpa Drámaíochta curtha ar sos go dtí mí Mheán Fómhair, ach beidh Rang na bhFeabhsaitheoirí ar siúl i rith an tsamhraidh (ar Zúm) gach Máirt ó 11.00 r.n. go dtí 1.00 i.n. Má tá suim agat páirt a ghlacadh i rang na Máirt seol r-phost chuig SpidealGaeilge@gmail.com

Beidh imeachtaí sóisialta éagsúla (turais, siúlóidí) á reáchtáil againn le linn an tsamhraidh.  Chuaigh grúpa ón gClub ar turas lae go hInis Meáin ar an 22 Iúil; ar an 9 Meán Fómhair beidh siúlóid treoraithe againn go Mionloch (Menlo), baile ar imeall thoir thuadh de chathair na Gaillimhe, áit bhíodh ina Breac-Ghaeltacht go dtí le gairid agus beidh muid ag dul chuig Taibhdhearc na Gaillimhe ar an Aoine, 15 Mean Fómhair, chun freastail an dráma Maggie Mhór (Big Maggie) le John B. Keane.

2ú Mí an Meithimh 2023

Socruithe samhraidh an Chlub Foghlaimeoirí

Tá na ranganna oíche, an Ciorcal Comhrá agus an Grúpa Drámaíochta curtha ar sos go dtí mí Mheán Fómhair, ach beidh Rang na bhFeabhsaitheoirí ar siúl i rith an tsamhraidh (ar Zúm) gach Máirt ó 11.00 r.n. go dtí 1.00 i.n. Má tá suim agat páirt a ghlacadh i rang na Márta, déan teagmháil linn leis an bhfoirm teagmhála nó seol r-phost chugainn ag an seoladh atá i mbun an leathanaigh seo.

Beidh imeachtaí sóisialta éagsúla (turais, siúlóidí) á reáchtáil againn le linn an tsamhraidh. Beidh an t-eolas ar fáil ar an leathanach seo go luath.

Turas cultúir agus oidhreachta

Beidh turas cultúir á reachtáil ag Oifigigh Pleanála Teanga Chonamara Dé Céadaoin 21ú Meithimh. Tabharfar cuart ar Thobar Naomh Anna, ar Theach Scríbe, ar An Dóilín agus ar An nGarraí Glas. Beidh mionbhus ag fágáil Chasla ag a 9.00 r.n. Caithfear clárú roimh ré (083 010 6294 / optchoisfharraige@gmail.com). Costas: Eur10; turas agus lón san áireamh. Is í an Ghaeilge teanga an imeachta seo.

10ú Mí na Nollag 2022

Beidh teacht le chéile na Nollag againn Dé Sathairn 10ú Mí na Nollag i dTigh Chualáin ar 8.30 i.n.

Beidh ceol is amhráin ann, agus cranchur freisin.

Agus léireofar gearrdhráma nua de chuid an Chumann Drámaíochta — Gael an Lae Inniu le Máirín Mhic Lochlainn.

Beidh fáilte mhór rómhat!

Teacht le chéile na Nollag.

Mí na Samhna 2022

Cuireadh bunreacht an chlub leis an leathanach seo.

i mbun na hoibre

Mar gheall ar Chlub Foghlaimeoirí Gaeilge Chois Fharraige

Tá Club Foghlaimeoirí Gaeilge Chois Fharraige lonnaithe sa Spidéal, sráidbhaile beag i nGaeltacht Iarthar na Gaillimhe. Tá sé thart ar dhá mhíle dhéag siar ó Chathair na Gaillimhe.

Tá an Spidéal i lár cheantar Chois Fharraige, an limistéar atá ar chósta thuaidh Chuan na Gaillimhe, is a shíneann ón taobh thoir de na Forbacha go hAbhainn Chasla thiar.

Oscail an léarscáil in Open Street Map

In 2015 a bunaíodh an Club ar mhaithe leis an nGaeilge a chur chun cinn i gCeantar Chois Fharraige, trí ranganna agus imeachtaí eile a chur ar bun dóibh siúd ar mian leo feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge.

Tá 80 ball ag foghlaim Gaeilge sa Chlub faoi láthair i ranganna ag Bunléibheal, Meánléibheal agus Ardléibheal. Is sa Spidéal a bhíonn na ranganna ar siúl agus is cainteoirí dúchais iad na múinteoirí.

Ó am go ham, eagraíonn an Club imeachtaí éagsúla ar nós siúlóidí treoraithe, turais, ceolchoirmeacha agus drámaí.

Gradam na Comhairle Condae don rannchuidiú is fearr sa Ghaeilge, 30ú mí na Bealtaine 2019

Bunreacht an chlub

Ballraíocht sa chlub

Ar mhaith leat ballraíocht a fháil? Déan teagmháil linn!