Léiríodh Uaigneas na Nollag den chéad uair mar chuid de Cheolchoirm na Nollag 2017. Is beo ar an ardán, i dTigh Giblin sa Spidéal, a bhí sé an uair sin.
Ach nuair a b’éigean Pop-up Gaeltacht ar an bhFaiche Mhór a chur ar athló i 2020 mar gheall ar na srianta a chuir an phaindéim orainn, réitigh muid Uaigneas na Nollag arís ar líne, mar dhráma raidió. Taifeadadh ar Zúm é agus líon sé an bhearna.
Cuireadh tús le cleachtadh i Meán Fhómhair 2020 agus eisíodh Uaigneas na Nollag ag deireadh na bliana sin.
I bhfianaise na gcúinsí eisceachtúla agus na ndúshlán ar leith a bhí ann ag an am, agus ó tharla nach innealtóirí fuaime gairmiúla muid, tá muid cinnte go maithfear an cur i láthair teicniúil neamhfhoirfe dúinn 😀
Sa Bhaile: Tuismitheoirí ina suí cois tine oíche Nollag, áit éigin i gCois Fharraige. Tá a gcomharsan béal dorais ar cuairt acu. Tá siad ag súil le go gcuirfeadh a mac Brian glaoch orthu ón Astráil nuair a éiríonn sé ar maidin. Ach de réir mar atá an oíche ag dul ar aghaidh, tagann imní orthu…
San Astráil: Grupa Éireannaigh óga —Tom, Jane, Kate, Aisling agus Sorcha. Cairde an mhic. Iad ag réiteach bricfeasta tar éis dóibh a theacht abhaile ón teach ósta thall i bPerth…


Cliar léiriúcháin 2017
Máthair (Cáit): Ann Burnell
Athair (Páid): Enda Mc Cabe
Comharsa (Bríd): Máire Ní Chonaire
Tom: Ciarán Ó Coinneagáin
Jane: Nóra Ní Oireachtaigh
Kate: Sheila Mc Crane
Aisling: Maria O’Hare
Sorcha: .
Brian: Meaití Joe Shéamuis
Naoimi: Elisabetta Castro
Scéalaí: Máirín Mhic Lochlainn
