An Dianchúrsa


Leiríodh an dráma seo ar an 4ú Nollaig 2019 sa Draighneán Donn, sa Spidéal.

Tá ar cheannairí na bpáirtithe polaitiúla i nDáil Éireann dianchúrsa Gaeilge a dhéanamh sa nGaeltacht ar feadh míosa. Seo treoir a tháinig ón Eoraip, is a bhaineann le chuile thír san Eoraip, caithfidh ceannairí páirtithe polaitiúla a dteanga dúchais a chur chun cinn i bparlaimití ar fud na hEorpa.

Go hInis Oírr a sheoltar ceannairí na hÉireann. Téann cuid acu ann go fonnmhar, agus cuid eile in aghaidh a dtola.

Caithfidh Uachtaráin na dtíortha éagsúla freastal ar an gcúrsa seo, is cuma cé chomh maith is atá an teanga dúchais acu, muna bhfuil an teanga ón gcliabhán acu. Cuireann sé seo an‑olc ar Uachtarán na hÉireann, mar go bhfuil Gaeilge mhaith aicu, ach caithfidh siad na rialacha a leanúint.

Chomh maith leis sin, is bean as Conamara atá i bhfeidhil an chúrsa, agus ní duine as Inis Oírr. Cuireann sé seo cantal ar go leor.

Póstaer Cheolchoirm na Nollag 2019
Cliar An Dianchúrsa
…is an lucht féachna ag baint taithnimh as!
An coirmcheol…
An coirmcheol arís!