Léim go: nuacht | cé muid? | bunreacht | ballraíocht
Complete beginner? No Irish at all? No problem!
information in English
Nuacht — an scéal is deireanaí
8ú Meán Fómhair 2025
Tá dhá rang á reáchtáil ag an gClub
Ranganna Gaeilge Meánleibhéal
Ag tosú arís tráthnóna Dé Máirt, an 16 Meán Fómhair, i gTeic an Spidéil (H91 CH01).
Beidh na ranganna ar siúl idir 7.00 – 9.00 i.n. le briseadh tae.
Cúrsa 10 seachtaine atá i gceist, ar chostas €40 an duine don chúrsa. Níl aon leabhar uait; cuirfear cóipeanna de na hábhair teagaisc ar fáil ag na ranganna.
Má tá suim agat freastal ar an gcúrsa seo, seol teachtaireacht ríomhphoist chuig spidealgaeilge@gmail.com.
Ranganna Gaeilge Ardleibhéal
Bíonn siad seo ar siúl in Inis Fáil sa Spidéal (H91 X63V) maidin Dé Céadaoin idir 11.00 r.n. agus 13.00 i.n., le briseadh tae.
Is meascán de chomhrá, filíocht, prós agus gramadach a phléitear sa rang seo.
Cuireann an Club fáilte roimh dhaoine a bhfuil suim acu freastail ar na ranganna seo agus is féidir leat freastail ar cúpla ceann chun triail a bhaint astu.
Má tá suim agat triail a bhaint as na ranganna seo seol rphost chuig spidealgaeilge@gmail.com.
14ú Mí Márta 2025
Siúlóid éanbhraithnithe ⁊ oidhreachta ag Dumhach na Leanbh
Bhí an-lá againn ar an 8ú Márta. Seo dhíbh cupla grianghraf.
(Buail cnag/cniog orthu chun iad a mhéadú.)











5ú Mí Márta 2025
Tá Cóisir na mBáb foilsithe!
Féadfaidh tú éisteacht leis anois sa rannóg drámaíochta.

Bain taitneamh as!
Siúlóid éanbhraithnithe
Agus ná déan dearmad ar an siúlóid éanbhraithnithe ⁊ oidhreachta ag Dumhach na Leanbh Dé Sathairn beag seo. Beidh fáilte rómhat!
23ú Mí na Feabhra 2025
Cóisir na mBáb
tá dáta nua againn do sheoladh
Chóisir na mBáb
Dé Máirt 4ú Márta
8.30 i.n
Cois Cuan, sa Spidéal

ceol ⁊ amhráin
Ruairí Mac an Iomaire
Fearghas Mac Lochlainn
Stiofán Mac Suibhne
Ronan Ryan
Constance Patten
Siúlóid éanbhraithnithe ⁊ oidhreachta ag Dumhach na Leanbh
- 8 Mí Márta 2025.
- Ag tosú ag an bPoitín Stil (H91 Y8X6)
ag 10.30 r.n. - Le Ríona Mac Aodha ⁊ Mamie Ní Chualáin.
- Cur i láthair ar éanlaith chósta an cheantair.
- Cur i láthair ar an stair ⁊ ar an mbéaloideas a bhaineann le Dumhach na Leanbh.
- Beidh sóláistí ar fáil sa bPotín tar éis na siúlóide.
(Timpeall ar 1.00i.n.)

28ú Mí na Samhna 2024
Rang na Céadaoine
- Ar siúl in gTeic sna Forbacha (H91 NHT4).
- 11.00 r.n. go 1.00 i.n.
- Meán- go hardleibhéal.
- Comhrá, filíocht, prós ⁊ gramadach.
- Tá fáilte roimh chách!

Cóisir na mBáb
Tá seoladh Chóisir na mBáb
curtha siar go mí Feabhra 2025.
Scaipfidh muid scéala
nuair a bheas dáta deimhnithe againn.
Beagnach bliain ar aghaidh ó Raic ar an Trá, tá áthas ar Chlub Gaeilge Chois Fharraige dráma nua a fhógairt.
Dráma raidió atá arís ann, is é scríofa arís ag Máirín Mhic Lochlainn.
25ú Meán Fómhair 2024
Ranganna Gaeilge
Ranganna Gaeilge Meánleibhéal
Beidh ranganna Gaeilge Meánleibhéal ag tosú arís tráthnóna Dé Luain an 30ú Meán Fómhair i gTeic an Spidéil (Eircód H91 CH01) le múinteoir Caroline Ní Nia. Bíonn na ranganna ar siúl idir 7.00–9.00 i.n. le briseadh tae.
Cúrsa 10 seachtaine atá i gceist, ar chostas €40 an duine don chúrsa. Níl aon leabhar ag teastáil uait, cuirfear cóipeanna den ábhair teagaisc ar fáil sna ranganna.
Má tá suim agat freastail ar an gcúrsa seo seol rphost chuig spidealgaeilge@gmail.com.
Ranganna Gaeilge Ard/Meánleibhéal
Bíonn ranganna ardleibhéil ar siúl ag an gClub i gTeic na bhForbacha (Eircód H91 NHT4) ar Maidin Dé Céadaoin idir 11.00r.n.–1.00i.n., le briseadh tae.
Is meascán de chomhrá, filíocht, prós agus gramadach a bhíonn a phléitear sa rang seo, le múinteoirí Máirtín Ó Curraoin agus Feichín Ó Ceoinín.
Cuireann an Club fáilte roimh dhaoine a bhfuil suim acu freastail ar na ranganna seo agus is féidir leat freastail ar cúpla ceann chun triail a bhaint astu.
Má tá suim agat triail a bhaint as na ranganna seo seol rphost chuig spidealgaeilge@gmail.com.
11ú Eanáir 2024
20ú Mí na Nollag 2023
Raic ar an Trá
🎅 Tá tabhartas Nollag againn díbh! 🎅
Cúis áthais do Chlub Foghlaimeoirí Gaeilge Chois Fharraige an dráma is deireanaí a rinne muid, Raic ar an Trá le Máirín Mhic Lochlainn, a chur i bhúr láthair.
Dráma raidió atá ann, a mhaireann timpeal ar leathuair a’ chloig.
Is féidir éisteacht leis i rannóg drámaíochta an láithreáin seo.
Bain taithneamh as!
28ú Lúnasa 2023
Siúlóid threoraithe thart ar Mionlach ar an Satharn 9 Meán Fómhair 2023
Is seanbhaile álainn é Mionlach (Menlo) atá suite ar imeall thoir thuaidh chathair na Gaillimhe, ar bhruach Abhainn na Gaillimhe in aice le Loch Coirib. Is áit é a bhíodh ina Bhreac-Ghaeltacht go dtí le gairid. Bhí an-tábhacht ag baint le Cé Mhionlaigh tráth dá raibh, nuair a bhí Loch Coirib agus Abhainn na Gaillimhe á n-úsáid mar chóras gnóthach iompair le hearraí a thabhairt isteach go Gaillimh.
Tá cúig cinn de thithe ceann tuí fós i Mionlach agus tar éis na siúlóide beidh muid ag tabhairt cuairt ar cheann acu, Tigh Mhaidhc Pháidín, atá mar ionad cultúrtha ag Oifig na Pleanála Teanga i Mionlach. Is ansin a thabharfaidh an staraí áitiúil Pádraig Ó Fathaigh, cainteoir dúchais as Mionlach, tuilleadh eolais dúinn faoi stair agus faoi chultúr Mhionlaigh; beidh an scéalaí Máirín Mhic Lochlainn ag aithris scéalta agus beidh ceol ann.
Beidh muid ag teacht le chéile ag 2.30 pm ar an Satharn 9 Meán Fómhair 2023 taobh amuigh de Scoil Bhríde i Mionlach (Éirchód: H91 YD63), áit atá spásanna páirceála ar fáil.
Níl aon chostas ar an ócáid agus tá fáilte roimh chách.

26ú Lúnasa 2023
Big Maggie sa Taibhdhearc
Beidh roinnt ball den Chlub ag dul go dtí an Taibhdhearch chun féachaint ar Big Maggie ar an Aoine 15 Meán Fómhair ag 8.00 pm., agus ar an maidin dar gcionn (Satharn 16 MF) beidh muid ag teacht le chéile ag 11.00 sa beár in Óstán Chonamara (The Connemara Coast Hotel) chun plé a dhéanamh ar an dráma.
Má tá suim agat a bheith linn bheadh fáilte mhór romhat, agus tabhair cara leat más mian leat, ach caithfidh tú do socruithe féin a dhéanamh maidir le taisteal agus ceannach ticéad.

21ú Lúnasa 2023

6ú Lúnasa 2023
Turas ar Inis Meáin
Bhain grúpa ón gClub an-taitneamh as a dturas lae go hInis Meáin Dé Sathairn 22 Iúil. Ba é seo an chéad gheábh ag an gcuid is mó againn ar an oileán, agus dúirt an grúpa ar fad, go raibh súil acu a theacht ar ais. Bhí roinnt daoine ann a d’fhan istigh cúpla oíche, i dTeach Loistín Uí Chongaile, agus fuair siad togha na bia agus rogha na dí, agus sár chomhluadar.

Ba í Brídín Ní Choncheanainn an treoirí ag an ngrúpa, agus rinne sí cur síos iontach ar an oileán mar a bhí agus mar atá. Thug muid cuairt ar na háiteacha stairiúla, ar nós Leaba Dhiarmaid agus Gráinne, sin ceann do na dolmen atá ar an oileán. Chonaic muid cathaoir Synge, agus rinne muid píosa deas cuairte sa teach inár chaith sé tamall dá shaol; agus is faoin an oileán a scríobh sé na drámaí ‘Chun na Farraige Síos’, agus ‘Buachaill Báire an Iarthair’. Rinne Ciarán Ó Fátharta cur síos breá dúinn ar an teach, an áit inár tógadh é féin, agus a dheartháireacha agus deirfiúracha, agus ba leis a shin-shean-mhuintir an teach le linn aimsir Synge.



Chonaic muid Dún Chonchubhair, agus chuamar isteach san séipéal álainn atá ar an oileán, go bhfaca muid fuinneoga Harry Clarke; agus thug muid cuairt freisin ar Mhonarchan Cniotála an oileáin, an fostóir is mó ar an oileán. Agus le deireadh a chur leis an turas lae, bhí lón againn san Teach Ósta, áit a raibh beirt cheoltóirí ag casadh ceol breá meidhreach, agus foinn dheasa mhalla.
Socruithe an tSamhraidh
Tá na ranganna oíche, an Ciorcal Comhrá agus an Grúpa Drámaíochta curtha ar sos go dtí mí Mheán Fómhair, ach beidh Rang na bhFeabhsaitheoirí ar siúl i rith an tsamhraidh (ar Zúm) gach Máirt ó 11.00 r.n. go dtí 1.00 i.n. Má tá suim agat páirt a ghlacadh i rang na Máirt seol r-phost chuig SpidealGaeilge@gmail.com
Beidh imeachtaí sóisialta éagsúla (turais, siúlóidí) á reáchtáil againn le linn an tsamhraidh. Chuaigh grúpa ón gClub ar turas lae go hInis Meáin ar an 22 Iúil; ar an 9 Meán Fómhair beidh siúlóid treoraithe againn go Mionloch (Menlo), baile ar imeall thoir thuadh de chathair na Gaillimhe, áit bhíodh ina Breac-Ghaeltacht go dtí le gairid agus beidh muid ag dul chuig Taibhdhearc na Gaillimhe ar an Aoine, 15 Mean Fómhair, chun freastail an dráma Maggie Mhór (Big Maggie) le John B. Keane.
2ú Mí an Meithimh 2023
Socruithe samhraidh an Chlub Foghlaimeoirí
Tá na ranganna oíche, an Ciorcal Comhrá agus an Grúpa Drámaíochta curtha ar sos go dtí mí Mheán Fómhair, ach beidh Rang na bhFeabhsaitheoirí ar siúl i rith an tsamhraidh (ar Zúm) gach Máirt ó 11.00 r.n. go dtí 1.00 i.n. Má tá suim agat páirt a ghlacadh i rang na Márta, déan teagmháil linn leis an bhfoirm teagmhála nó seol r-phost chugainn ag an seoladh atá i mbun an leathanaigh seo.
Beidh imeachtaí sóisialta éagsúla (turais, siúlóidí) á reáchtáil againn le linn an tsamhraidh. Beidh an t-eolas ar fáil ar an leathanach seo go luath.
Turas cultúir agus oidhreachta
Beidh turas cultúir á reachtáil ag Oifigigh Pleanála Teanga Chonamara Dé Céadaoin 21ú Meithimh. Tabharfar cuart ar Thobar Naomh Anna, ar Theach Scríbe, ar An Dóilín agus ar An nGarraí Glas. Beidh mionbhus ag fágáil Chasla ag a 9.00 r.n. Caithfear clárú roimh ré (083 010 6294 / optchoisfharraige@gmail.com). Costas: Eur10; turas agus lón san áireamh. Is í an Ghaeilge teanga an imeachta seo.

10ú Mí na Nollag 2022
Beidh teacht le chéile na Nollag againn Dé Sathairn 10ú Mí na Nollag i dTigh Chualáin ar 8.30 i.n.
Beidh ceol is amhráin ann, agus cranchur freisin.
Agus léireofar gearrdhráma nua de chuid an Chumann Drámaíochta — Gael an Lae Inniu le Máirín Mhic Lochlainn.
Beidh fáilte mhór rómhat!

Mí na Samhna 2022
Cuireadh bunreacht an chlub leis an leathanach seo.

Mar gheall ar Chlub Gaeilge Chois Fharraige
Tá Club Gaeilge Chois Fharraige, Club Foghlaimeoirí Gaeilge Chois Fharraige mar a bhíodh, lonnaithe sa Spidéal, sráidbhaile beag i nGaeltacht Iarthar na Gaillimhe. Tá sé thart ar dhá mhíle dhéag siar ó Chathair na Gaillimhe.
Tá an Spidéal i lár cheantar Chois Fharraige, an limistéar atá ar chósta thuaidh Chuan na Gaillimhe, is a shíneann ón taobh thoir de na Forbacha go hAbhainn Chasla thiar.
In 2015 a bunaíodh an Club ar mhaithe leis an nGaeilge a chur chun cinn i gCeantar Chois Fharraige, trí ranganna agus imeachtaí eile a chur ar bun dóibh siúd ar mian leo feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge.
Tá 80 ball ag foghlaim Gaeilge sa Chlub faoi láthair i ranganna ag Bunléibheal, Meánléibheal agus Ardléibheal. Is sa Spidéal a bhíonn na ranganna ar siúl agus is cainteoirí dúchais iad na múinteoirí.
Ó am go ham, eagraíonn an Club imeachtaí éagsúla ar nós siúlóidí treoraithe, turais, ceolchoirmeacha agus drámaí.

Bunreacht an chlub
Ballraíocht sa chlub
Ar mhaith leat ballraíocht a fháil? Déan teagmháil linn!


