Socraíodh air ón tús go léireoifí Cóisir na mBáb i riocht dráma raidió. Bhain muid an‑taitneamh as léiriú Raic ar an Trá, thaitin an toradh lenár gcuid éisteoirí agus cé go bhfuil draíocht speisialta ag baint le dráma stáitse, bhí fonn orainn leanacht leis an gcur chuige ar cuireadh tús leis le Uaigneas na Nollag.
Rinneadh an taifeadadh ar an 26ú is ar an 31 Deireadh Fómhair 2024 sa stiúidió in Áras na Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe.
Cuireadh Cóisir na mBáb os comhair an phobail don chéad uair ag ócáid de chuid an Chlub i gCois Cuain, teach tábhairne ar shráidbhaile an Spidéil, ar 3ú Mí Marta 2025. Foilsíodh go poiblí ar an leathanach seo é maidin lá ar na mháireach.
Cliar
Pádraic Breathnach: Séamas
Deirdre Bannigan: Nóirín
Bairbre Ní Churraoin: Caitríona
Amy Burke: Niamh
Ann Burnell: Gráinne
Máire Bhreathnach: Mairéad
Constance Patten: Maebh
Chinatsu Hakamada: Sara
Bríd Uí Choistealbha: Maggie
Míċeál Ó Loċlainn: An Tráchtaire

Foireann
Máirín Mhic Lochlainn a scríobh
Máire Ní Neachtain a léirigh
Fionn Ó Sealbhaigh a thaifid
Míċeál Ó Loċlainn a chuir in eagar ⁊ a dhein cúram de léiriú teicniúil
Glacann an Club buíochas le Johnny Óg Connolly, a chas an ceol, is a thug cead dúinn é a úsáid anseo. A Corelli Jig, rian a 15 dá albam Siar atá ann. Arcangelo Corelli a chum, i mbliain a 1700.
Tacaíocht
Fuair an léiriú seo tacaíocht ó:
Scéimeanna Tacaíochta Pobail 2024
de chuid Chomhairle Chontae na Gaillimhe
Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga
